skip to main content

47,000 teach sóisialta 'indéanta i gceann roinnt blianta'

Deir  cathaoirleach an ghrúpa atá ionadaíoch ar bhainisteoirí Rialtais Áitiúil, gur féidir an plean le 47,000 aonad sóisialta a chur ar fáil a thabhairt i gcrích, ach go dtógfáidh sé sin roinnt blianta.

Dúirt Eugene Cummins ar RTÉ ar maidin go mbeidh roinnt ama i gceist dtósófar ar na tithe a thógáil de bharr chúrsaí pleanála agus an phróséas tairisceana.

Is é Eugene Cummins an Cathaoirleach ar an bhFho-Choiste Náisiúnta i gCumann na mBainisteoirí Rialtais Áitiúil, agus tá sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Ros Comáin freisin.

Dúirt sé go mbeadh an bhéim sa phlean ar íocaíochtaí chúnamh tithíochta, ar aonaid a cheannach, agus ar aonaid atá folamh a chur ar ais sa stoc náisiúnta tithíochta.

Cheannófaí go leor de na haonaid ón earnáil phríobháideach a dúirt sé, ach níor inis sé go díreach cé mhéad teach a thógfadh na húdaráis áitiúla.