skip to main content

Vóta caite ag meánmhúinteoirí gan 33 uair bhreise a oibriú

Treoir tugtha do bhaill an ASTI éirí as an 33 uair a chloig oibre breise
Treoir tugtha do bhaill an ASTI éirí as an 33 uair a chloig oibre breise

Tá an baol stailce i scoileanna dara leibhéal i mí Mheán Fómhair méadaithe anois ó vótáil Cumann na Meánmhúinteoirí treoir a thabhairt dá mbaill éirí as an 33 uair a chloig oibre breise a leagadh síos i gComhaontú Pá Pháirc an Chrócaigh.

Tá glactha áfach ag Buanchoiste an ASTI le cuireadh ón Aire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton buaileadh leis lena n-imní a phlé. 

Tá diúltaithe ag ASTI do chomhaontú nua pá Bhóthar Lansdún agus vótáil siad gan an 33 uair a chloig breise a oibriú mar a leagadh síos i gcomhaontuithe pá roimhe seo.

Eiseoidh an ceardchumann treoir fhoirmeálta do na baill gan na huaireanta breise a oibriú, uaireanta a deir an cheardchumann atá atá gan tairbhe agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar an teagasc.

Dúirt an tAire Bruton sa Dáil tráthnóna gur cúis mhór díoma gur tharraing an ASTI siar as Comhaontú Bhóthar Lansdún. Ach dúirt sé go bhfuil sé sásta go mbeidh an ceardchumann ag dul chun cainte leis.

Deir Uachtarán ASTI Máire G Ní Chiarba go dtáinig meath suntasach ar choinníollacha oibre múinteoirí le blianta beaga agus go bhfuil múinteoirí óga agus nua-cháilithe thíos go mór leis na socruithe nua pinsin agus na scálaí nua tuarastail. 

Níl ar a gcumas sin post buan a fháil ná tuarastal iomlán a shaothrú, a dúirt sí.

Caomhaontú Bhóthar Lansdún i bhfeidhm Déardaoin

Tá diúltaithe ag Cumann Ionadaíoch an Gharda Síochána agus ag Cumann na Sairsintí agus na gCigirí do Chaomhaontú Bhóthar Lansdún.

Caillfidh siadsan agus múinteoirí íocaíochtaí pá breise ón Aoine ar aghaidh de bharr gur leis na fostaithe seirbhíse poiblí a ghlac le Comhaontú Pá Bhóthar Lansdún agus leosan amháin a dhéanfar na h-íocaíochtaí.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe gur ghlac ceardchumainn bhreis is 280,000 fostaí Stáit le Comhaontú Bhóthar Lansdúin, conradh a cheadaíonn sochair áirithe dóibh - ina measc ciorruithe pá agus íocaíochtaí breise a cheartú.

Is le fostaithe Stáit a ghlac le Comhaontú Pá Bhóthar Lansdún agus leosan amháin a gheobhaidh íocaíochtaí

Dúirt an tAire ag an Phlé Náisiúnta ar an Gheilleagar i mBaile Átha Cliath go bhfuil dualgas ar an Rialtas a chinnitú go gcloífeadh siad leis an chinneadh a rinne siad.

Ciallaíonn sin gurbh iad siúd amháin a ghlac leis an Chomhaontú atá i dteideal na gcosaintí agus na sochair a bhronnann sé. 

Dúirt sé gur mhian leis an Rialtas plé le ceardchumainn leithéidí an ASTI, an GRA agus an AGSI a bhí taobh amuigh den chomhaontú ó dhiúltaigh siad de, ach dúirt sé gcaithfeadh an Rialtas cloí leis an dlí sa réimse seo maidir le dreamanna nach raibh ag iarraidh a bheith páirteach.

Nuair a fiafraíodh dó ar chiallaigh seo go gcaillfeadh Gardaí agus múinteoirí a gceart ar na h-íocaíochtaí seo, dúirt an tAir Donohoe gurb iad siúd amháin a ghlac leis an Chaomaontú a bhainfeadh buntáiste as. 

Tiocfaidh Comhaontú Bhóthar Lansdúin i bhfeidhm Déardaoin in áit Chomhaontú Pá Bhóthar Haddington, comhaontú a rinne ciorruithe suntasacha ar phá agus ar choinníollacha oibre fostaithe poiblí.

Shocraigh an GRA inné gan leanacht leis na cainteanna ar Chaomhaontú Bhóthar Lansdún agus déanfaidh ceannaireacht an AGSI cinneadh amárach.