Tá suas le 200 ball den Gharda Síochána i mbun agóide taobh amuigh de Thithe an Rialtais inniu.
Tá na gardaí ag éileamh go bhfaigheadh siad an pá céanna a bhíodh acu sular tháinig na ciorruithe i bhfeidhm.
Réiteach á dhéanamh don mháirseáil
Níl culaith an gharda á caitheamh ag lucht na hagóide, cé go bhfuil na baill ag caitheamh éadach gorm de chineál éigin.
Lucht na máirseála ar shráid Chill Dara
Tá Cumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána (AGSI) ag éileamh ar an Rialtas dul i mbun cainteanna leis féachaint le tuarastal na bliana 2008 a fháil ar ais do ghardaí na tíre.
Tá sé i gceist ag an AGSI litir a thabhairt ar lámh don Aire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald.