skip to main content

Cás eile faoin rialú nua ar dhaoradh ar fionraí

Alt a 99 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 mí-bhunreachtúil a deir an Chúirt Uachtarach
Alt a 99 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 mí-bhunreachtúil a deir an Chúirt Uachtarach

Tá príosúnach eile tar éis cás a thionscain san Ardchúirt de bharr bhreithiúnas na seachtaine seo caite go raibh an dlí ar phianbhreitheanna phríosún ar fionraí ag sárú na Bunreachta.

Creidtear go gcurfar cásanna go léir den chineál céanna siar go dtí deireadh na seachtaine nuair a bheidh soiléiriú ar iarmhairtí bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí.

San Ardchúirt inniu thug príosúnach dúshlán don dlí, tar éis do phianbhreith ar fionraí de 4 mhí sa bpríosún a bheith feidhmithe ina aghaidh, mar thoradh ar chiontú ar choir eile.

Cheadaigh an Breitheamh Séamus Noonan iarratas ar athbhreithniú breithiúnach agus chuir sé siar an cás go dtí Dé Céadaoin.