skip to main content

Breithiúnas amárach ar Hillsborough

1989 a bhásaigh 96 lucht leanúna sacair ag cluiche i gCorn an FA idir Liverpool agus Nottingham Forest
1989 a bhásaigh 96 lucht leanúna sacair ag cluiche i gCorn an FA idir Liverpool agus Nottingham Forest

Amárach atáthar ag súil le breithiúnas ar an gcoiste cróinéara faoi bhás 96 duine i dtubaiste Hillsborough.

Inniu d’inis an Cróinéir John Goldring don ghiúiré 6 ban agus 3 fear go nglacfadh sé le cinneadh 8-1 nó 7-2 ar an gceist is mó atá le socrú; an marú neamhdhleathach ba chúis le bás lucht leanúna Liverpool FC ag an gcluiche sacair i Sheffield in 1989.

Tá ceisteoir críochnaithe ag an ngiúiré ag tabhairt freagra ar cheisteanna eile a bhí os a gcomhair; faoi phleanáil na bpóilíní don chluiche, sábháilteacht an staid, gníomhartha na seirbhísí éigeandála agus ábhar eile, chomh maith le am agus údar báis gach aon duine den 96.

Tá 2 bhliain caite ag an coiste cróinéara agus fianaise cloiste ó 800 finné.