skip to main content

Cosán Shliabh Liag

Tá mórobair beartaithe ar chosán Shliabh Liag
Tá mórobair beartaithe ar chosán Shliabh Liag

Tá ag teipeadh go hiomlán ar Chomhairle Contae Dhún na nGall bainistiú mar is ceart a dhéanamh ar thogra turasóireachta Shliabh Liag, a deir Breandán Ó Beirn, Oifigeach Caidrimh Poiblí Choiste Forbartha na Carraige.

Níl eolas ar bith á chur ar fáil ag an gComhairle do phobal na háite faoin bplean forbartha do Shliabh Liag, a deir sé.

Deir Breandán Ó Beirn freisin nach bhfuil guth ar bith ag pobal na háite faoin obair atá le déanamh ar chosán coise Shliabh Liag.

Tá togra Shliabh Liag i measc na dtograí is tábhachtaí sa gcontae ó thaobh na turasóireachta de, a deir Breandán Ó Beirn, ach níl an aird cheart á thabhairt ag Comhairle Chontae Dhún na nGall air a deir sé.