skip to main content

Fear, 44, 'ar meisce, feargach', roimh mharú a leasmhic

23 a bhí Dean Fitzpatrick nuair a maraíodh é i Mullach Íde
23 a bhí Dean Fitzpatrick nuair a maraíodh é i Mullach Íde

Tá fianaise tugtha sa bPríomhchúirt Choiriúil go raibh fear 44 bliain d’aois ar meisce agus feargach nuair a sháigh sé a leasmhac sa mbolg, agus ansin gur thréig sé an láthair.

Tá Dean Mahon tar éis pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú Dean Fitpatrick, 23, mac a pháirtí, in árasán i Millach Íde i mBaile Átha Cliath an 26ú Bealtaine 2013.

B’é Dean Fitzpatick mac Audrey, agus ba deartháir é le Amy Fitpatrick atá ar iarraidh sa Spáinn ó 2008.

Tá an cás á éisteach ag giúiré 6 ban agus 6 fear.

Meastar go mairfidh sé coicís.