skip to main content

Coimisinéir na nGardaí le ceistiú beo ar scáileán

An Coimisinéir Nóirín O'Sullivan le ceistiú beo arlíne agus ar RTÉ NewsNow.
An Coimisinéir Nóirín O'Sullivan le ceistiú beo arlíne agus ar RTÉ NewsNow.

Tá an tÚdarás Póilíneachta le Coimisnéir na nGardaí a cheistiú go poiblí den chéad uair faoi fheidhmiú an Gharda Síochána i leith shábháilteacht pobail.

Tráthnóna a bheidh an Coimisinéir os comhair 9 ball an Údaráis a fhiosróidh plean póilíneachta na nGardaí atá ceaptha sábháilteacht pobail agus póilíneacht ar na bóithre a fheabhsú.

Deir Cathaoirleach an Údaráis Josephine Feehily go gceisteofar an Coimisinéir Nóirín O’Sullivan faoi chur i bhfeidhm na mbeartas a bhí geallta.

Faoin bplean tá gardaí in ainm is a bheith níos feiceálaí ag an bpobal; leas a bhaint as cumarsáid nua-aimseartha; feabhas a chur ar iompar tiománaithe agus lucht eile úsáidte bóthair; agus dul i ngleic, i gcomhar leis an bpobal, le coiriúlacht, le sábháilteacht agus le faitíos an phobail.

Beidh an cruinniú le feiceál beo ar RTÉ News Now agus arlíne.

Tá sé beartaithe ansin measúnú neamhspleách ar sheirbhís phoiblí an Gharda Síochána a chur os comhair an Aire Dlí is Cirt.