skip to main content

Bean maraithe i dtimpiste bóthair lár-tíre

Gortaíodh beirt sa timpiste idir 2 charr
Gortaíodh beirt sa timpiste idir 2 charr

Tá bean maraithe i dtimpiste idir 2 charr i gCo. na hIarmhí.

I mBun Brosnaí in aice leis an Muilleann gCearr, ar an N4 go Sligeach, thart ar 9.20 ar maidin a tharla sé.

Ní raibh sa gcarr inar maraíodh an bhean ach í féin.

Bhí fear agus bean sa gcarr eile. Tugadh an bheirt acu go dtí an t-ospidéal.