Tá gnáthbhaill an Gharda Síochána ag iarraidh ardú pá, breis acmhainní cois teorann, agus méadú ar an bhfórsa armtha.
Pléifear na hábhair sin agus tuilleadh ag comhdháil bhliantúil Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (GRA) a bheidh ag tosnú anocht i gCill Airne.
Beidh toscairí ann thar ceann an 10,000 ball san eagraíocht.
Beidh éileamh ar ardú pá go mór i gceist a deir uachtarán an Chumainn Dermot O’Brien.
Tá 25% de chiorrú déanta a deir sé ar phá gardaí le 7 mbliana anuas.
Deir sé freisin go bhfuil tromlach gardaí ag iarraidh go mbeadh airm ar nós gunnaí taser ar fáil dóibh.
Pléifidh na baill moltaí freisin faoi chur go mór le acmhainní 24-uair a chloig i gcontaetha cois teorann agus i gceantair faoin tír.