Tá treoirlínte nua foilsithe ag an bPápa Proinsias a bhaineann le saol an teaghlaigh ina ndeirtear gur cheart don Eaglais níos mó tuisceana a léiriú i leith an tsaoil sa lá atá inniu ann.
Foilsíodh an cháipéis 260 leathanach inniu.
Tugtar léargas ann ar thuairimí an Phápa ar shaol an teaghlaigh, ar phósadh, ar fhrithghiniúint agus mar ba chóir leanaí a thógaint.
Deir an Pápa nár cheart don Eaglais a bheith chomh dian ar Chaitlicigh mar a bhí, daoine atá colscartha agus a phósann in athuair mar shampla, é ag rá nár cheart go leanfaí ag cáineadh na ndaoine go brách.
Ní athraíonn an cháipéis teagasc na hEaglaise ach moltar do shagairt a bheith níos tuisceanaí maidir le cúrsaí an tsaoil faoi mar atá sa lá atá inniu ann.
3 bliana a chaith an Pápa ag cur na cáipéise seo le chéile.