skip to main content

9 mbliana gearrtha ar fhear ón bPacastáin faoi dhúnorgain

Shahzad Hussain
Shahzad Hussain

Gearradh9 mbliana príosúin ar fhear a mharaigh fear eile mar go raibh sé in amhras  go raibh caidreamh aige lena bhean chéile. 

Tharla an eachtra in árasán i nDroichead Átha i 2011.

Sháigh Shahzad Hussain, ón bPacastáin ó dhúchas  agus a raibh cónaí air in Ascaill Woodland Maigh Muirí i gContae na Mí a bhean chéile agus duine muinteartha léi in árasán i nDroichead Átha i 2011.

Bhásaigh Muhammad Arif, colceathrar le Hussain de dheasca a ghortaithe.

Ciontaíodh Hussain roimhe seo i ndúnmharú agus gearradh príosún saoil air.

Cuireadh an ciontú sin ar ceal i ndiaidh achomhairc agus nuair a tugadh an cás os comhair cúirte arís phléadáil sé ciontach - i ndúnorgain.