skip to main content

Ard Chúirt ag ordú do Devon Murray €286,000 a íoc lena iar-ghníomhaire

Devon Murray agus a mháthair lasmuigh den chúirt inniu
Devon Murray agus a mháthair lasmuigh den chúirt inniu

D'ordaigh an Ardchúirt go n-íocfadh an t-aisteoir i scannáin Harry Potter, Devon Murray agus a mhuintir os cionn €260,000 i gcoimisiún leis an ngníomhaire a bhíodh aige.

Bhí sé ráite ag Neil Brookes go raibh an t-airgead sin dlite dó ó Murray i dtáillí.

Ghníomhaigh sé do Devon Murray nuair a bhí páirt Seamus Finnegan ag an aisteoir in 8 gcinn de scannáin Harry Potter.

Thug Murray bata is bóthar don ghníomhaire, ach mhaígh Brookes i gcónaí go raibh airgead saothraithe aige nach raibh íoctha leis.

D'aontaigh an Ard Chúirt leis inniu ach laghdaigh sé 9% an tsuim airgid a bhí ag dul dó.

Maíonn Devon Murray nach bhfuil aon obair aisteoireachta déanta aige ó aimsir na scannán Harry Potter, cé go bhfaigheann sé €1,000 sa mhí i gcónaí de thoradh an róil a bhíodh aige iontu.