Cuirfear Iar-Phríomhfheidhmeannach Bhanc Anglo Irish, David Drumm ar a thriail faoi dhó ar chúiseanna a bhaineann leis an am a raibh sé i gceannas an bhainc.
Beidh sé os comhair na Cúirte Cuarda Coiriúla in Aibreán 2017 agus in Eanáir 2018.
Tá 2 chúis le freagairt aige sa chéad thriail bliain ón am seo.
Cúisítear é i gcomhcheilg le calaois a dhéanamh ar infheisteoirí agus custaiméirí eile i mBanc Anglo mar gur chuir sé dallamullóg orthu más fíor faoin méid airgead i ndáiríre a bhí i dtaisce i gcuntais Anglo.
Tá sé á chúisiú freisin in eolas falsa a thabhairt don mhargadh i Meán Fómhair 2008.
Maidir leis an dara triail in Eanáir 2018, cúisítear é as an gcúnamh mídhleathach más fíor a thug sé do dheichniúr forbróirí, teaghlach an fhir ghnó cáiliúil son Sean Quinn ina measc.
D'éascaigh an Chúirt coinníollacha bannaí ar an Uasal Drumm inniu.
Uair amháin in aghaidh an lae anois a chaithfidh sé a ainm a shíniú ag a stáisiún gardaí áitiúil; bhí 2 uair i gceist cheana.
Beidh David Drumm os comhair na cúirte arís i mí na Samhna.