skip to main content

Cúrsaí fuinnimh ar oileáin Árann á bplé anocht

Cúrsaí fuinnimh ar oileáin Árann
Cúrsaí fuinnimh ar oileáin Árann

Deir Cathaoirleach Chomharchumann Fuinneamh Árann, Dara Ó Maoiliadh go gcaithfear plean a chur le chéile chun cuidiú le pobal na n-oileán le fuinneamh atá á ghinniúint acu a stóráil nó a dhíol ar ais leis an gcóras soláthair leictreachais sa tír seo.

"Tá an córas atá in Albain acu i bhfad chun cinn ar an tír seo agus tá costas maireachtála na ndaoine a úsáideann fuinnneamh inathnuaite laghdaithe go mór ansin", a deir an tUasal Ó Maoiliadh.

Tabharfar léargas do phobal Inis Mór in Árainn anocht ar na córais atá i bhfeidhm in Albain agus beidh Nick Chapman atá ag plé le cúrsaí fuinnimh thall ansin i láthair ag ócáid eolais a bhéas in Ionad Oideachais Eoghanachta ag 8.00.

"Cé go bhfuil cúnamh ar fáil ón stát le hinsliú a dhéanamh ar thithe níl aon chúnamh ar fáil le leictreachas a ghinniúint ná a stóráil", a deir Dara ó Maoiliadh.