Tá bád, a bhfuil suas le 45 inimirceach ar bord, ag déanamh a bhealach chuig an Tuirc ar maidin ó oileán Lesbos sa Ghréig.
Tá iarrachtaí á ndéanamh líon na n-imimirceach a thagann chun na hEorpa a laghdú.
Chuige seo tá comhaontú ann idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc faoi láthair.
Aon duine a chuirtear ar ais, nach saoránaigh de chuid na Siria iad, tabharfar iad chuig lár-ionaid díbeartha.
Tabharfar saoránaigh de chuid na Siria ansin chuig campaí teifeach, duine in aghaidh chuile shaoránach ón tSiria atá athlonnaithe i dtíortha san Aontas Eorpach.
Maidir leis an mbád seo tuairiscítear gur Pacastánaigh atá ar bord.
Pacastánaigh freisin a bhí i measc an chéad ghrúpa a díbríodh chuig an Tuirc Dé Luain seo caite in éineacht le daoine ón Afganastáin.