Dúirt an tAire Iompair Paschal Donohoe nach dtacódh Fine Gael le rialtas mionlaigh faoi cheannas Fhianna Fáil.
Dúirt sé áfach go raibh tairiscint Enda Kenny do Fhianna Fáil fós ann.
Ag labhairt dó ar an gclár nuachta raidió ar RTÉ, 'News at One', dúirt an tAire Donohue gur theastaigh uaidh breis caidrimh a bheith aige le Fianna Fáil ar mhaithe a dúirt sé le rialtas seasmhach a bhunú a bheadh chun leas na tíre uilig.
Níos túisce dúirt an tAire Sláinte Leo Varadkar go raibh iontas air a thapaí is a dhiultaigh Fianna Fáil don tairiscint ó cheannaire Fhine Gael Enda Kenny inné dtaca le roinnt na cumhachta de.

An tAire Sláinte Leo Varadkar ag iarraidh ar Fhianna Fáil dul ar ais i mbun comhráite le Fine Gael.
Dúirt sé áfach go raibh deiseanna ann i gcónaí do thuilleadh cainteanna.
Dúirt an tAire freisin gur chóir don 2 pháirtí anois suí síos arís le chéile, agus go raibh cuireadh faighte ag Fianna Fáil ina leith seo.
Tá iarrachtaí na bpáirtithe seo ar mhaithe le rialtas a bhunú cáinte go géar ag na Neamhspleáigh.
Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Michael Healy Rae nach bhfuil neamhspleáigh a bhí sé an tír a rith.

An teachta Eamon Ó Cuív
Ar an gclár raidió de chuid RTÉ ar maidin dúirt an teachta Fianna Fáileach le Gaillimh Thiar Eamon Ó Cuív go bhfuil sé muiníneach gur féidir rialtas a bhunú ainneoin go bhfuil an próiseas faoi láthair ag tógáil cuid mhaith ama.