Tá Comhairleoirí Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an Aire Sláinte athrú a dhéanamh ar an chinneadh suíomh Otharlann na bPáistí a lonnú ag Otharlann Naomh Séamus i mBaile Átha Cliath.
Glacadh le rún ón Chomhairleoir Gerry MacMonagail ag cruinniú na seachtaine seo den Chomhairle gur cheart go mbeadh suíomh otharlann na bpáistí ag Otharlann Uí Chonghaile.
Dúirt an Comhairleoir Mac Monagail go bhfuil an suíomh ag Otharlann Uí Chonghaile i bhfad níos mó, áit a bhfuil 145 acra, go bhfuil go leor spás páirceála ann, go bhfuil sé níos fusa fáil fhad leis, agus nach gá taisteal fríd lár na cathrach le fáil fhad leis.
Thug sé le fios go bhfuil teagmháil déanta ag tuismitheoirí páistí ón chontae leis, ag rá go bhfuil sé mí-áisiúil daofa a bheith ag taisteal go Otharlann Naomh Séamus, agus gur bhfearr i bhfad láthair taobh amuigh de lár na cathrach.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Comhairleoir Ciarán Brogan go gcaithfear achan iarracht a dhéanamh an oiread seirbhísí leighis agus is féidir do pháistí a fháil sa chontae, ach dúirt sé gur moladh iontach maith an moladh ón Chomhairleoir MacMonagail.
RTÉ RnaG foinse an scéil