Ag labhairt dó le RTÉ, dúirt Willie O'Dea, TD nach nglacfadh sé féin le tairiscint an Taoisigh - go rachfadh Fianna Fáil i mbun comhrialtais le Fine Gael agus neamhspleáigh. Dúirt sé freisin nach nglacfaidh an páirtí pairliminte leis ach an oiread.
Dúirt O'Dea gur chaith an pobal vóta in iarracht Enda Kenny a chur as-oifig agus nach mbeadh aon ghlacadh acu le comhrialtas a fheicfeadh Kenny fós ina Thaoiseach.

Willie O'Dea, TD agus Niall Collins, TD araon ag diúltú do thairiscint an Taoisigh
Dúirt an TD Niall Collins amhlaidh nuaira ceistíodh eisean ar a bhealach chun cruinnithe sa Dáil ar maidin ach dúirt John McGuinness, TD Cheatharlaigh agus Cill Chainnigh go gcaithfí an tairiscint a phlé ina iomláine ag an gcruinniú.

John McGuinness, TD á rá go gcaithfear an tairiscint a phlé