skip to main content

Tá sé fógartha ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath go bhfuil siad leis an dara rúidbhealach a thógáil

An t-aon rúidbhealach san aerfort mar atá
An t-aon rúidbhealach san aerfort mar atá

Tá sé fógartha ag Údarás Aerfort bhaile Átha Cliath go bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi rúidbhealach nua, 3,110m ar fhad a thógaint 1.6cm ó thuaidh ón rúidbhealach atá ann faoi láthair. Tá sé i gceist ag an Údarás €320m a chaitheamh leis an togra.

Fuair an tÚdaras cead pleanála don rúidbhealach i 2007 ach cuireadh ar leataobh an phlean nuair a chlis ar an ngeilleagar eacnamaíochta agus thit líon na bpaisinéirí. 

Tá téarnamh iomlán tagtha ar líon na bpaisinéirí atá ag baint úsáide as an aerfort áfach, le 25 milliún ag eitilt tríd an aerfort anuraidh agus bhíothas ag súil leis an bhfógra seo da reir.