skip to main content

Beidh Gardaí an-dian ar thiománaithe atá ag cur eagla ar phobail Chiarraí lena dtiomáint gan aird ná aire

Gardaí na ríochta ag díriú ar 'thiománaithe teaspaidh' atá ag cur sceon ar phobail an chontae
Gardaí na ríochta ag díriú ar 'thiománaithe teaspaidh' atá ag cur sceon ar phobail an chontae

Dúradh ag cruinniú Chomhchoiste Poilínteachta Chiarraí an tseachtain seo go bhfuil tiománaithe teaspaidh ag déanamh diobhála do dhromchla bhóithre agus ag cur imní ar an bpobal lena gcuid tiomána gan dealramh.

Dúradh go raibh na tiománanithe seo ag scrios marcanna de bhóithre in áiteanna agus ag cur eagla ar dhaoine go minic in am mhairbh na h-oíche.

Dúirt David Sheehan, Priomh Cheannphort Gníomhach an Gharda Siochána i gCiarraí fé láthair go bhfuil sé i gceist ag na Gardaí a bheith ana dhian ar a leithéid de thiománaithe as seo amach agus go gcuirfear an dlí orthu siúd nach mbeadh á n-iompar féin go hoiriúnach ar bhóithre an chontae.

RTÉ RnaG foinse an scéil