skip to main content

'Laincisí pleanála oileáin ina mbac do thurasóireacht' - arsa lucht eagruithe leathmharatón Inis Mór

Cúinsí pleanála ag cur bac ar fhorbairtí turasóireachta arsa lucht eagraithe Leathmharatón Inis Mór
Cúinsí pleanála ag cur bac ar fhorbairtí turasóireachta arsa lucht eagraithe Leathmharatón Inis Mór

Tá os cionn €1.5m bailithe d'Ospidéal na nGasúr i Sráid Temple i mBleá Cliath ó tosaíodh ag reáchtáil leathmharatón Inis Mór sa mbliain 2001 - rás a bheidh ar bun arís an deireadh seachtaine seo. 

Dúirt duine den lucht eagraithe Liam Ó Cualáin nach bhféadfaidh ach oiread áirithe daoine a bheith páirteach sa leathmharatón mar nach bhfuil aon áit in Inis Mór in ann glacadh le h-os cionn 200 duine suite ag dinnéar.

Dúirt sé go bhfuil na laincisí pleanála atá ar phobal an oileáin ag goilliúint ar thionscal na turasóireachta agus gur sampla maith dó sin é an cás a bhaineann leis an leathmharatón.

RTÉ RnaG foinse an scéil