Thug an ceardchumann SIPTU fógra 6 lá eile stailce aréir don mhí seo agus an mhí seo chugainn. Tá sé socruithe ag an gceardchumann go mbuailfidh siad le bainistíocht an chomhlachta Transdev an tseachtain seo chugainn áfach in iarracht teacht ar chomhréiteach.
Tá 8 lá caite ar stailc ag tiománaithe LUAS cheana féin ó mhí Feabhra i leith agus dhá lá eile ar na bacáin ar an 23ú & 24ú Aibreán.

Owen Reidy, SIPTU ag labhairt le RTÉ
Dúirt Owen Reidy, SIPTU le RTÉ ar maidin go bhfuil an ceardchumann sásta bualadh le bainistíocht Transdev ar an Luan le dul i mbun cainteanna an athuair.