skip to main content

Rinne an Taoiseach comhrialtas roinnte go cothrom a thairiscint do cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin aréir

'Comhrialtas roinnte go cothrom' - sin an tairiscint atá déanta ag an Taoiseach do cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin
'Comhrialtas roinnte go cothrom' - sin an tairiscint atá déanta ag an Taoiseach do cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin

Ta páirtí pairliminte Fhianna Fáil ag cruinniú inniu le tairiscint ar chomhrialtas ón Taoiseach Enda Kenny a phlé. Déanadh an tairiscint aréir ag cruinniú a bhí idir an dhá cheannaire. Pléfear an tairiscint agus táthar ag súil le cruinniú eile tráthnóna.

Chaith Kenny agus Martin níos mó ná uair an chloig i gcruinniú aréir ag ar déanadh an tairiscint. Ba seo an chéad uair riamh gur chas an dá pháirtí ar a chéile le comhrialtas a phlé.

Tuairiscítear gur cruinniú réamhchéime a bhí ann, gan ach rúnaí amháin ag glacadh miontuairiscí. Thairg an Taoiseach comhrialtas idir an dhá phríomh-pháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil chomh maith le neamhspleáigh. 

Billy Kelleher, TD Fhianna Fáil & Simon Coveney, TD Fhine Gael

Dúirt an tAire Talmhaíochta Simon Coveney le RTÉ ar maidin gur iarracht mhacánta atá sa tairiscint mian an phobail a shásamh agus rialtas socair agus buansheasmhach a bhunú atá sa tairiscint. 

D'fhreagair Billy Kelleher, TD Fhianna Fáil le rá go nglacfaidh Fianna Fáil páirt in pé iarracht is fearr a chuirfidh an tír chun tosaigh. 

Ceaptar go léireofar go leor amhrais ag cruinniú pháirtí pairliminte Fhianna Fail inniu - foinse amháin ó Fhianna Fáil den tuairim gur cleas atá ann Fianna Fáil a chur dá mbuile agus iad ag iarraidh neamhspleaigh a mhealladh.