Cuireadh tús inniu le héisteacht Ard-Chúirte i dtaca le cúiteamh do bhuachaill ceithre bliana d'aois as Baile Átha Cliath ar bhain drochghortú dá inchinn agus é ag dul faoin scian in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn in 2012.
Cuireadh obráid ar Jude Miley as Dún Droma agus é ina naíonán féachaint le faoiseamh a thabhairt dó faoi bhrú a bhí ar a scairt.
Ní raibh greim a cuireadh ina chliabhrach gearrtha mar ba cheart trí dhearmad agus tolladh a chroí dá bharr. Stop a chroí an lá tar éis na hobráide agus rinneadh damáiste mór dá inchinn.