I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe, socraíodh gur Dé Luain seo chugainn a ghearrfar pianbhreith ar bhean a ciontaíodh i mí Eanáir i 29 cúis a bhain le neamart a dhéanamh in ochtar dá cuid páistí.
Thar chúig bliana a tugadh drochíde do chlann na mná, a dúradh le linn na trialach.
Dúirt an Breitheamh Karen O'Connor inniu go mbeadh tuilleadh ama ag teastáil uaithi le ráitis agus tuairiscí síceolaíochta a mheas.