skip to main content

Scannánú i bpríosún Chorcaí cáinte ag mac le hoifigeach príosúin

Príosún Chorcaí
Príosún Chorcaí

Tá cáineadh déanta ar chinneadh Sheirbhís Príosún na hÉireann príosún Chorcaí atá díchoimisiúnaithe a chur ar fáil mar láthair scannaíochta. Táthar ag iarraidh ar an Aire Dlí is Cirt an cinneadh a chur ar ceal. 

Is faoi éalú baill den IRA as príosún na Ceise Fada i 1983 atá an scannán. Maraíodh oifigeach príosúin, agus lámhachadh agus gortaíodh beirt eile le linn an éalaithe.  

Dúirt Austin Stack, mac le hoifigeach príosúin a dúnmharaíodh i mBaile Átha Cliath, gur tháinig samhnas air nuair a chuala sé go raibh an tSeirbhís Príosúin bainteach lena leithéid de thionscnamh. Níl anseo ach go bhfuiltear ag tabhairt ómóis don éalú, a dúirt Austin Stack.

Dúirt an tSeirbhís Príosúin go raibh sé de nós acu tacú leis an tionscal scannán sa tír seo. Dúradh i ráiteas go gcothódh an scannánaíocht i gCorcaigh fostaíocht agus infheistíocht sa cheantar.