skip to main content

Fear gafa ag póilíní sa Spáinn faoi dhúnmharú beirte i gCo Lú

Láthair na ndúnmharuithe, Gleann na bhFiach, Co Lú
Láthair na ndúnmharuithe, Gleann na bhFiach, Co Lú

Tá fear gafa ar bharántas eiseachadta ag póilíní sa Spáinn i dtaca le dúnmharú beirt fhear i gCo Lú ceithre bliana ó shin. Gabhadh an fear sna tríochaidí in Alicante aréir. 

Fuarthas coirp na beirte as Baile Átha Cliath Anthony Burnett, 31 bliain d'aois, agus Joseph Redmond, 25 bliain, i ngluaisteán dóite i nGleann na bhFiach, Co Lú, ar 7 Márta 2012.

Lámhachadh an bheirt sular cuireadh an carr trí thine. Measann na Gardaí gur aighneas faoi dhrugaí ba chúis leis na dúnmharuithe.