skip to main content

6 bliana príosúin ar fhear faoi ábhar pléascach a bheith ina sheilbh aige

Óstán Chaisleáin Bhaile Finn, Baile Átha Cliath
Óstán Chaisleáin Bhaile Finn, Baile Átha Cliath

Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gearradh sé bliana príosúin ar fhear a deir Gardaí a bhí ina dhéantóir buamaí agus ina innealtóir don Fhíor-IRA, mar a thugtar orthu.

Ciontaíodh Samuel Devlin, 58 bliain d'aois, as Co Thír Eoghain ó dhúchas, fao ábhar pléascach a bheith ina sheilbh aige ar 11 Bealtaine anuraidh.

Fuarthas an t-ábhar pléascach sa sealla a raibh sé ag fanacht ann in Óstán Chaisleáin Bhaile Finn in iarthar Bhaile Átha Cliath. 

Fuarthas buama i ngluaisteán i gcarrchlós an óstáin freisin, an chéad uair le sé bliana déag a fuarthas a leithéid i mBaile Átha Cliath. 

Dúirt an Breitheamh Paul Butler nach raibh aon fhianaise ann go raibh baint ag Samuel Devlin leis an mbuama sa charr.