Dúirt Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh nach dtuigeann sé cén fáth nach raibh Roinn na Gaeltachta sásta plé ceart a dhéanamh ar an tairiscint don tseirbhís aeir go hÁrainn le hionadaithe ó na hoileáin sular cuireadh amach é.
Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil súil aige nach é an deireadh céanna a bheas ar an bpróiseas tairisceana seo agus a bhí ar an gceann deireanach cúpla mí ó shin nuair a tharraing an Roinn siar é.
Dúirt sé go bhfuil am agus airgead mór i gceist le tairiscint den tsórt seo a réiteach agus gur cheart go mbeadh caidreamh i bhfad níos fearr idir an Roinn agus pobal na n-oileán leis an tseirbhís is fearr a chur ar fáil.
Dúirt an Feisire Eorpach Marian Harkin gur cúis imní dise gur chuir feidhmeannaigh Roinn na Gaeltachta a ladar isteach i gcruinniú a bhí le bheith idir muintir Árann agus Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh faoin gconradh aeir.
Dúirt an Feisire Harkin gur tharraing an tAire Stáit amach as an gcruinniú a bhí le bheith ann amárach ar chomhairle ó fheidhmeannaigh na Roinne.
Dúirt sí gur údar imní di freisin an t-ardú atá luaite i bpraghas na dticéad le taisteal ar an tseirbhís aeir go hÁrainn agus an chaoi a bhfuil sé leagtha síos nach féidir níos mó ná 10 gcileagram meáchain a bheith sna málaí a bheas paisinéirí a iompar.