skip to main content

'Easpa leapacha fós ag cur as do chúram othar' - Cumann na nAltraí

'Easpa leapacha fós ag cur as do chúram othar' - Cumann na nAltraí
'Easpa leapacha fós ag cur as do chúram othar' - Cumann na nAltraí

Deir Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go bhfuil ganntanas leapacha in ospidéil na tíre fós ina fhadhb ollmhór ainneoin na n-iarrachtaí ar fad atá déanta go dtí seo dul i ngleic leis. 

Léiríonn figiuirí atá foilsithe ag an gCumann go raibh 9,381 othar ar thralaithe an mhí seo caite, ardú 5% ar Mhárta na bliana seo caite agus ardú 100% ar Mhárta na bliana 2008.

525 othar atá ar thralaithe inniu. Is in Ospidéal Naomh Uinsionn i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chumainn Liam Doran go léiríonn na figiúirí seo nár tugadh isteach fós na beartais ar fad a aontaíodh nuair a bunaíodh an Tascfhórsa Rannóg Éigeandála. Dúirt sé go bhfuil cúram othar i mbaol agus go bhfuil an iomarca brú oibre ar altraí dá bharr seo. 

Mhaígh an dochtúir comhairleach sa Rannóg Éigeandála in Ospidéal Réigiúnach Shligigh Fergal Hickey go bhfuil an líon othar atá ag fanacht ar leapacha in ospidéil ag ardú arís mar gheall ar aird na bpolaiteoirí a bheith dírithe ar ábhair eile.

Tá athbhreithniú le déanamh ar an Tascfhórsa Rannóg Éigeandála sa Choimsiún um Chaidreamh san Áit Oibre seachtain ón Aoine seo chugainn.