skip to main content

Cainteanna idir Enda Kenny agus Micheál Martin le rialtas nua a phlé

Cainteanna idir Enda Kenny agus Micheál Martin
Cainteanna idir Enda Kenny agus Micheál Martin

Mar a bhí á thuar, níor toghadh Enda Kenny ná Micheál Martin ina Thaoiseach nuair a tháinig an Dáil le chéile inniu. 51 vóta a fuair Enda Kenny agus 43 vóta a fuair Micheál Martin. Staon Páirtí an Lucht Oibre.

Beidh cruinniú níos deireanaí ag Enda Kenny le Micheál Martin leis na roghanna ó thaobh rialtais nua de a phlé.

Seo an chéad chruinniú idir an bheirt ón olltoghchán i mí Feabhra.

Níos túisce, thug an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl le fios go raibh sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh an bhunreachta de go dtoghfaí Taoiseach sula bhféadfaí díriú ar aon ábhar eile sa Dáil.

Glacadh le moladh Phríomh-Aoire an Rialtais Paul Kehoe go dtiocfadh an Dáil le chéile arís seachtain ó amárach mura dtoghfaí Taoiseach inniu.