Tá Príomh Aire na hÍoslainne tar éis as de thoradh an bhrú ar fad maidir leis an usáid a bhain sé as comhlacht eis-chósta.
Bhí Sigmundur Gunnlaugsson i measc na gceannairí nó iarcheannairí stáit a raibh ceangal déanta leo i gcomhaid an chomhlachta dlí Mossack Fonseca.
Deirtear gur infheistigh sé sa chomhlacht ar mhaithe le cáin a sheachaint.
Sa Bhreatain, tá an freasúra ag iarraidh ar an bPríomhaire, David Cameron fiosrúchán neamhspleách a bhunú maidir le gnóthaí cánach daoine a chuireann airgead i dtaisce thar lear ionas nach mbeidh orthu an oiread cánach a dhíol.
Dúirt duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Roman Mossack le nuachtán an Financial Times nár cheap sé go dtiocfadh oiread is cás dlí amháin chun cinn as an eolas atá sceite.
Mhaígh Uachtarán Phanama Juan Carlos Varela go bhfuil an tír ionraic ó thaobh cúrsaí cánach de.
Idir an dá linn, shéan dhá cheann de na forais airgeadais is mó ar domhan Credit Suisse agus HSBC gur bhain siadsan leas as an struchtúr eischósta le cúnamh a thabhairt dá gcliant cáin a sheachaint.