Tá fáilte curtha ag ceardchumainn roimh an chaint ó Ard Rúnaí an Choimisiúin Um Chaidreamh San Áit Oibre Kieran Mulvey, go gcaithfear féachaint arís ar Chomhaontú Bhóthar Lansdúin.
Tá an Comhaontú in ainm is a bheith i bhfeidhm go Meán Fómhair 2018.
Ach ó tá an chosúlacht anois air go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag feabhsú sa tír.
Dá réir tá brú ag teacht ar an Rialtas dul siar ar na ciorruithe pá a tugadh isteach d'oibrithe san earnáil phoiblí le linn an chúlú eacnamaíochta.
Deirtear gur deacair gardaí, múinteoirí agus altraí a earcú mar gheall ar a dtuarastail a bheith chomh h-íseal sin.
I láthair na h-uaire íoctar os cionn €23,000 sa bhliain le Gardaí nua-cháilithe.
Beagnach €27,500 a shaothraíonn altraí.
Íoctar €31,000 le múinteoirí bunscoile atá ag tosacht amach.
Ach tá foláireamh tugtha ag Tony Foley ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go mbeidh sé 10 mbliana eile ar a laghad sula mbeidh sé d'achmhainn ag an Rialtas tuarastail a thabhairt ar ais go dtí na leibhéalacha ag a raibh siad roimh an chúlú eacnamaíochta.