skip to main content

"Cuirfidh Fianna Fáil táillí uisce ar fionraí"- An Teachta Timmy Dooley

An Teachta Fianna Fáileach Timmy Dooley as Co.An Chláir
An Teachta Fianna Fáileach Timmy Dooley as Co.An Chláir

Dúirt Teachta Dála Fhianna Fáil Timmy Dooley inniu go raibh sé i gceist ag an bpáirtí táillí uisce a chur ar fionraí.

Dúirt sé freisin gurb í aidhm Fhianna Fáil deireadh a chur le hUisce Éireann dá mbeadh a pháirtí sa chéad rialtas eile.

Mhol ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, arís inniu go mbunófaí Coimisiún Neamhspleách chun cúrsaí soláthair uisce a scrúdú.

Ceannaire Shinn Féin Gerry Adams le teachtaí eile ón bpáirtí

39 lá anois ó votáil an pobal san olltoghchán.

Níl aon rialtas bunaithe go fóill cé go bhfuil neart cainteanna ar bun.

Leanadh de sin inniu.

Tá sé i gceist ag Fine Gael cáipéis a chur faoi bhráid roinnt de na neamhspleáigh agus an Comhaontas Glas anocht ar mhaithe lena dtacaíocht chun rialtas a bhunú.

Comhaontas Glas faoi cheannaireacht Eamon Ryan (I lár báire)

Tá Fianna Fáil freisin i mbun comhráite le neamhspleáigh éagsúla.

Tiocfaidh an Dáil le chéile arís amárach ach tuigtear nach dtoghfar Taoiseach nua áfach cheal dóthain tacaíochta.

Ceannaire Fhianna Fáil Mícheál Martin (ar chlé) agus ceannaire Fhine Gael Enda Kenny (ar dheis)

Ina dhiaidh sin creidtear rachaidh Fine Gael agus Fianna Fáil i mbun idirbheartaíochta.

Tuigtear go dtógfaidh sé sin seachtain ar a laghad agus beidh an Dáil scortha i gcaitheamh an ama sin.