skip to main content

Téarmaí príosúnachta idir 4-6 bliana go leith gearrtha ar sheisear fear i Birmingham

An chúirt i Birmingham a ghearr na téarmaí príosúnachta
An chúirt i Birmingham a ghearr na téarmaí príosúnachta

I gcúirt i Birmingham i Sasana gearradh idir 4-6 bliana go leith príosúnachta ar sheisear fear faoi bhaint a bheith acu le h-earraí luachmhara a ghoid as tithe móra agus músaeim ar fud na Breataine.

Tá ceangal ag go leor díobh le Co.Luimnigh.

Bhí adharca srónbheannach agus iarsmaí Síneacha  i measc na n-earraí a ghoid na coirpigh.  

Tharla an ghadaíocht i 2012.

Seo mar a ghearr an Breitheamh Murray Creed na píonóis.

6 1/2 bliana: John 'Kerry' O' Brien agus Michael Hegarty.

5 1/2 bliana: Richard Sheridan agus Patrick Clarke.

4 bliana: Terence McNamara.

5 1/4 bliana: Ashley Dad (Ní raibh Dad i láthair inniu)

Bhí 13 fear ar fad sa bhuíon coirpeach seo.

Gearradh pianbhreith ar an seachtar eile inné.