Rialaigh an Ardchúirt go gcaithfidh an Teachta Dála as Tiobraid Árann, Michael Lowry na costais a íoc i dtaca leis an chás a thug sé le stop a chur lena chiontú faoi choireanna cánach.
Luafar a chás sa gCúirt i mBaile Átha Cliath, amárach.
Tá Michael Lowry cúisithe faoi eolas míchruinn a thabhairt faoi cháin ioncam agus faoi cháin chorparáideach agus gan a chuid cuntais a choinneáil in ord.
Theip ar Mhichael Lowry san Ard Chúirt i mí Feabhra ina iarracht an cás a stopadh.
Is os comhair na Cúirte Cuarda Coiriúla i mBaile Átha Cliath a bheidh an cás á lua amárach.