skip to main content

Pinsin mhóra íoctha le beirt ag comhlachtaí stáit idir 2011-13.

Pinsin mhóra íoctha le beirt ag comhlachtaí stáit
Pinsin mhóra íoctha le beirt ag comhlachtaí stáit

Íocadh pinsean ar luach breis is €1m le beirt idir an bhliain 2011 agus 2013.

2 chomhlacht stáit a d'íoc an t-airgead de réir na tuarascála ó Oifig an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Dúradh gur íocadh an t-airgead gan é a bheith réamhcheadaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Scrúdaigh an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste margaí scarúna a rinneadh faoi scéimeanna áirithe sa tseirbhís phoiblí.

Níl ainmneacha na gcomhlachtaí stáit ná na daoine a rug buntáiste ar na híocaíochtaí móra pinsin tugtha le fios.

Léiríodh freisin go ndearna an Banc Ceannais 6 íocaíocht scarúna ar luach bhreis is €500,000.

An Banc Ceannais a d'íoc amach suas le leathmhilliún euro

I dtaca leis sin íocadh airgead le duine nach raibh fiú tosaithe ag obair leis an bhanc,beirt fostaithe eile a raibh níos lú ná 2 bhliain seirbhíse curtha isteach acu, chomh maith le conraitheoir fadtéarmach nach raibh riamh fostaithe ag an bhanc.

Léiríonn tuarascáil eile gur bunaíodh grúpa stiúrtha i 2009 chun clár náisiúnta i dtaca le measúnú a dhéanamh ar bhaolta tuilte sa tír ach nach raibh a chéad chruinniú aige go dtí 2014.

Bhí grúpa idir-rannach eile a bunaíodh lena mhacasamhail de chúraimí an bhliain chéanna sin, ach nach raibh aon chruinniú aige go 2015.