skip to main content

Tuilleadh idirbheartaíochta inniu ar mhaithe le Rialtas nua a bhunú

Cé a bheidh mar Thaoiseach in aon Rialtas nua? Neosfaidh an aimsir.
Cé a bheidh mar Thaoiseach in aon Rialtas nua? Neosfaidh an aimsir.

Bhí idirbheartaiocht ar siúl ar maidin idir teachtaí dála neamhspleácha agus Fianna Fáil féachaint le teacht ar chomhaontú maidir le rialtas a bhunú.

Bhí neamhspleáigh ag caint le Fine Gael tráthnóna.

Deirtear go mba fhéidir go mairfeadh na cainteanna mí eile nó b'fhéidir níos faide.

38 lá ó shin a tionóladh an t-olltoghchán sa tír agus níor éirigh le haon pháirtí ar leith móramh iomlán a fháil.

Theip ar an Rialtas freisin an móramh a fháil le go ngabhfadh sé ar ais i gcumhacht.

Deir na neamhspleáigh inniu go gcaithfidh Fianna Fáil agus Fine Gael suí síos le chéile luath nó mall ar mhaithe le bunú Rialtais, mar gur acusan atá an móramh eatarthu.

Tá cruinniú socraithe eatarthu don Déardaoin seo chugainn ach is cosúil gurb iad na táillí uisce an chnámh spairne is mó a bheidh eatarthu.

Dhearbhaigh baill ó Fhianna Fáil inniu go bhfuil an páirtí ag obair ar bhille le deireadh chur le hUisce Éireann agus le táillí uisce.