skip to main content

Botún sa Ghaeilge ar bhalla cuimhneacháin Ghlas Naíon

An Balla Cuimhneacháin a bhfuil an focal "Éirí" litrithe mícheart
An Balla Cuimhneacháin a bhfuil an focal "Éirí" litrithe mícheart

Tá sé ráite ag Iontaobhas Ghlas Naíon go bhfuil fhios aige go bhfuil botún sa litriú Gaeilge ar an mballa cuimhneacháin a nochtadh inné. 

Dúirt urlabhraí go mbeadh siad á cheartú. 

Níl a fhios fós cén t-achar a bheidh sé sula mbeidh an litriú ceartaithe.

Tá 488 ainm greannta sa mballa.

Os a gcionn tá foclaíocht i mBéarla agus i nGaeilge ag insint gur bhásaigh na daoine seo ar fad le linn Éirí Amach na Cásca 1916.

Ach,ní "éirí" atá litrithe anseo ach focal iomlán eile mar gheall ar an áit a cuireadh na sínte fada.

Nuair a tugadh an botún faoi deara, léirigh daoine a míshástacht ar líne.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur léirigh sé leisciúlacht i dtreo na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí, a labhair ar son Iontaobhas Ghlas Naíon gur tuigeadh go raibh botún sa litriú.

"Tá sé i gceist é a cheartú ar an bpointe", a dúradh, ach níl fhios fós cén uair a bheidh Éirí Amach na Cásca scríofa go cruinn ar an mballa.