Tá sé fógraithe ag Conradh na Gaeilge sa Tuaisceart go bhfuil sé le cás cúirte a thabhairt in aghaidh Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Deir an Conradh nár chuir an Feidhmeannas Stráitéis na Gaeilge i bhfeidhm.
Deir sé nár ghlac an Feidhmeannas leis an stráitéis go hoifigiúil.
Creideann an conradh gurb é sin an dualgas reachtúil atá ar an bhFeidhmeannas.
Níl aon Acht Teanga ó thuaidh ar mhaithe le Gaeilge a chosaint ainneoin gur gealladh sin faoi Chomhaontú Chill Rímhinn.
Ag labhairt dó ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Doiminic O Brollacháin, ball Comhthionóil an SDLP i dTuaisceart Éireann, gur cheist chearta daonna í Stráitéis na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa bhFeidhmeannas.
Dúirt sé go gcreideann sé gur loic an Feidhmeannas ar bhealaí éagsúla i dtaobh cheist na Gaeilge.
Tá bean as Béal Feirste le cás a thabhairt freisin i dtaca leis seo.