Tá an comhlacht Meiriceánach, Hubspot le 320 post nua a chruthú ina oifig i mBaile Átha Cliath.
Fágfaidh na postanna nua go mbeidh beagnach 500 duine ag obair aige i mBaile Átha Cliath.
Cruthófar na postanna as seo go ceann 3 bliana.
Bogearraí margaíochta a dhéanann an comhlacht Hubspot, a bhfuil a cheannceathrú aige i stát Massachusetts.
Bunaíodh é i 2006.
Tá príomhoifigí anois aige san Eoraip, sa Mheánoirthear agus san Afraic.
D'oscail sé a oifig i mBaile Átha Cliath breis is 3 bliana ó shin.