skip to main content

"Bunófar Rialtas seasmhach ach tógfaidh sé tamall"- An tAire Richard Bruton

An tAire Richard Bruton
An tAire Richard Bruton

Dúirt an tAire Postanna, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton go bhfuil sé dóchasach go mbunófar rialtas seasmhach ach go dtógfaidh sé tamall.

"Beidh Fine Gael agus Fianna Fáil ag caint le chéile an tseachtain seo" a dúirt sé.

Dúirt an tAire Bruton freisin go bhfuil dianchainteanna ar bun ag Fine Gael le páirtithe a d'fhéadfadh dul i gcomhrialtas leo ach nár tháinig Fianna Fáil i gceist go fóill.

"Is fiú am a chaitheamh leis an bpróiseas seo agus é a dhéanamh i gceart"  a dúirt Richard Bruton.

Dúirt sé freisin áfach nach dóigh leis go mbeidh dóthain vótaí ag Enda Kenny arú amárach sa Dáil le go dtoghfaí é mar Thaoiseach don téarma Dála seo.