Gearradh pianbhreith i Sasana inniu ar sheachtar fear faoi bhaint a bheith acu le plean adharca srónbheannach agus iarsmaí Síneacha a ghoid.
Ceaptar go ngabhfadh na hearraí beagnach £60m ar an margadh oscailte.
Ba ó thithe móra agus ó mhúsaeim éagsúla sa mBreatain i 2012 a tógadh na hearraí luachmhara seo.
Bhí ionaid i Cambridge, Durham agus Norwich luaite le linn an cháis cúirte.
13 ball de ghrúpa coirpeach ar fad a ciontaíodh os comhair na cúirte i dtaca leis na coireanna seo.
Baineann ochtar den bhuíon leis an lucht siúil a bhfuil ceangar láidir acu le Ráth Caola i gContae Luimnigh.
Luaigh an Breitheamh Murray Creed go speisialta inniu muintir O'Brien, ag rá go raibh siadsan i gcroílár na comhcheilge seo.
Ghearr sé píonós 5 bliana go leith ar Richard óg O'Brien.
6 bliana agus 8 mí a thug sé do Daniel O'Brien, agus fuair John 'Cash' O'Brien 5 bliana agus 3 mhí.
Ghearr an breitheamh 5 bliana go leith an duine ansin ar Paul Pammen agus Donald Wong.
Gearradh an téarma céanna ar Alan Clark.
4 bliana príosúnachta a fuair Daniel Flynn.
Gearrfar pianbhreith ar an seisear fear eile amárach.