Tá fear 36 bliain gafa ag an PSNI mar chuid dá fhiosrúchán faoi bhás mná, 31 bliain a bhfuarthas a corp i gCo. Ard Mhacha aréir.
Fuarthas an bhean, Laura Marshall marbh in árasán ar Shráid Victoria sa Lurgan.
Cuireadh scrúdú iarbháis uirthi níos túisce.
Mar thoradh ar sin tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe ag na póilíní.
Tá an fear a gabhadh fós á choinneáil ag an PSNI.