Níl aon ní ráite go fóill ag an Pentagon sna Stáit Aontaithe faoi fhíseán conspóideach - ina bhfuil Gael Mheiriceánach le feiceáil san Afganastáin agus é ag casadh "Go on Home, British soldiers" - amhrán poblachtánach a cumadh le linn na dTrioblóidí.
De réir Tuairisc.ie sé Séamus Ó Fianghusa an té atá le feiceáil sa bhfíseán nó Séamus na Gaeilge mar is fearr aithne air.
Rugadh agus a tógadh i Brooklyn i Nua Eabhrac agus a thosaigh ag foghlaim Gaeilge deich mbliana ó shin ar an idirlíon.
Tá tréimhsí caite aige i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá Séamus O Fianghusa ina shaighdiúr le reisimint an Fighting 69th.