skip to main content

Dee Forbes le teacht i gcomharbacht Noel Curran i gceannas RTÉ

Dee Forbes ceaptha ina Príomhstiúrthóir ar RTÉ. 'Deis saoil' a thug sí ar fhilleadh go hÉireann le ceannas a ghlacadh ar RTÉ
Dee Forbes ceaptha ina Príomhstiúrthóir ar RTÉ. 'Deis saoil' a thug sí ar fhilleadh go hÉireann le ceannas a ghlacadh ar RTÉ

Tá sé fógraithe gurb í Dee Forbes bean as Drom Dhá Liag in Iarthar Chorcaí ó dhúchas atá ceaptha ina Príomhstiúrthóir ar RTE, an chéad bhean sa phost is sinsearaí in RTE.

Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Noel Curran atá ag éirí as ag deireadh na míosa.  

Sí a bhíonn i bhfeighil gníomhaíochtaí tráchtála agus cainéil do ghréasáin Discovery i dTuaisceart na hEorpa.

Dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Moya Doherty gur ceapachán fíor-shuntasach an ceapachán seo.

Seo an chéad uair le beagnach 50 bliain a ceapadh Príomhstiúrthóir ón dtaobh amuigh den eagraíocht agus ar ndoigh, an chéad bhean i gceannas riamh. 

Ar fhógairt a ceapachán, dúirt Dee Forbes gur cinneadh fíor-chrua a bhí ann Discovery a fhágaint ach gur deis saoil í filleadh ar Éireann le ceannas a ghlacadh ar an bpríomh-chraoltóir, RTÉ.