skip to main content

Cailleadh Brian Ó Nualláin nó Flann O'Brien nó Myles na gCopaleen cothrom an lae seo 50 bliain ó shin

Myles na gCopaleen a cailleadh cothrom an lae seo 50 bliain ó shin
Myles na gCopaleen a cailleadh cothrom an lae seo 50 bliain ó shin

50 bliain is an lá inniu a fuair an scríbhneoir Brian Ó Nualláin bás. Myles na gCopaleen nó Flann OBrien na h-ainmneacha cleite a bhí air.

Ar an tSrath Bán i dTír Eoghain a rugadh é. Bhain a shaothar Béarla cáil dhomhanda amach ach b'é a scríobh ceann de shár-leabhair grinn na Gaeoileanna 'An Béal Bocht'.

Cothrom an lae inniu 50 bliain ó shin a fuair an scríbhneoir Brian Ó Nualláin bás. Myles na gCopaleen nó Flann O’Brien na hainmneacha cleite a bhí air.

Ar an tSrath Bán i dTír Eoghain a rugadh é. Is i ngeall ar a shaothar Béarla atá cáil dhomhanda air, ach scríobh sé ceann de chlasaicí grinn  na Gaeilge, 'An Beal Bocht'.

Chuir a cholún san Irish Times ‘An Crúiscín Lán’  go mór lena chlú mar fhear grinn agus ba i nGaeilge a bhí an chuid a ba mhó acu ar tús. 

Tá an oiread measa ar an údar Brian Ó Nualláin ina bhaile dhúchais ar an tSrath Bán gur nochtadh dealbh de ansin trí bliana ó shin. Flann O Brien ainm cleite amháin a bhí aige agus Myles na gCopaleen an nom de plume eile ag fear a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla.

Ag 15 Bowling Green Terrace, an Srath Bán, Co. Thír Eoghain, a rugadh é ar 5 Deireadh Fómhair 1911. An   tríú mac de 12 clainne le hAigneas agus Mícheál Ó Nualláin as Tír Eoghain. Bhí Gaeilge ag na páistí agus ba leis an teanga sin a tógadh iad.

De bhrí go rabh an t-athair ag bogadh thart an oiread sin níor cuireadh an triúr a ba shine ar scoil ar bith.

Bhí Brian dhá bhliain déag d’aois nuair a bhog an teaghlach go BÁC agus chuaigh sé ar scoil den chéad uair. Fuair sé céim ó Ollscoil Bhaille Cliath i 1932 agus foilsíodh a chéad úrscéal 'At Swim Two Birds' i1939 agus 'The Third Policemen' an bhliain in a dhiaidh sin.

Is iomaí aistriúchán atá déanta ar an tsaothar iGaeilge is aitheanta dá chuid, 'An Béal Bocht'  a scríobh sé i 1941 - scigaithris ar litríocht Ghaeilge na bhfichidí agus na dtríochaidí - chomh greannmhar sin si gur shocraigh Cló Mhaigh Eo leabhar grafach agus greannán a dhéanamh de i 2012.

A cholún san Irish Times  ‘An Crúiscín Lán’ le Myles na gCopaleen, ó 1940 ar aghaidh a chuir go mór lena chlú mar fhear grinn. I nGaeilge a bhí an chuid a ba mhó acu ar tús. 

Inniu ‘thiar i dtóin an toigh’ i dtábhairne i lár Bhaile Cliath tugadh chun cuimhne an caibideal, an iomarbhá agus an drabhlás ólacháin go minic a bhíodh idir aosdána litríochta  an ama sin. 

Cothrom an lae inniu i 1966 a fuair an Nuallánach bás agus ar an drochuair níl fhios go cinnte an 'Gaeil Ghaelacha de shliocht Ghaelach' atá san iomlán a d’fhág sé ina dhiaidh.