Dúirt urlabhraí an Taoisigh inniu gur ofráil an taoiseach cruinniú le ceannaire Fhianna Fáil san iarnóin inniu.
hí sé ráite ag Martin áfach, go mbeadh sé sasta labhairt le Kenny i ndiaidh vóta ar Thaoiseach a chaithfear Dé Céadaoin seo chugainn.
Cuireadh cáipéis faoi thithíocht faoi bhráid na dTD neamhspleácha san idirlinn inniu agus beifear ag súil le haischuthú uatha sula ndréachtar cáipéis chríochnúil.
D'éilíodh go mbeadh ról níos láidre ag Comhair Chreidmheasa agus go neartófaí ról NAMA d'fhonn tithíocht sóisialta a chur faoina mbraid siúd.
Bhí cuid de na TD ag éileamh go mbeadh an earnáil dheonach níos lárnaí i gceist na tithíochta sóisialta agus go mbeadh súil le níos mó freagrachta ó Bhainisteoirí Contae.