Gabhadh agus ciontaíodh Michaella McCollom as Co Thír Eoghain sa bhliain 2013 le cócaon de luach €1.8m á iompar aici ó Peiriú go dtí an Spáinn.
Gearradh 6 bliana ocht mhí priosúin uirthi ach saoradh inniu í mar chuid de reachtaíocht nua atá i bPeiriú - gur féidir priosúnaigh as an iasacht a shaoradh nuair a bhíonn trian den téarma priosúin curtha isteach acu.
Cinnfidh cúirt i bPeiriú anois an mbeidh cead abhaile láithreach aici nó an gcaithfidh sí tuilleadh ama a chaitheamh i bPeiriú.